Éifeacht mharfach an truaillithe
Tá truailliú ó bhreoslaí iontaise ag marú dhá oiread an líon daoine agus a measadh roimhe seo. Rinne taighdeoirí in Harvard agus i gColáiste na hOllscoile, Londain, ríomh gurbh é ábhar cáithníneach mín ba chúis le bás 99,000 duine sa Ríocht Aontaithe in 2012; in 2016, mheas Coláiste Ríoga na Lianna go raibh 40,000 bás de bharr truailliú lasmuigh. Ar fud an domhain, faigheann breis is ocht milliún duine bás gach bliain mar thoradh ar aer a análú atá truaillithe ag cáithníní ó bhreoslaí iontaise, a fuarthas sa staidéar. Ba iad an tSín, an India, oirthear na Stát Aontaithe agus an Eoraip na ceantair ba mheasa a ndearnadh difear dóibh.
De réir na sonraí, is féidir 30.7% de na básanna in Oirthear na hÁise (lena n-áirítear an tSín), 16.8% díobh siúd san Eoraip agus 13.1% díobh siúd sna Stáit Aontaithe a chur i leith truailliú breoslaí iontaise. “Bhíomar an-leisceach ar dtús nuair a fuair muid na torthaí mar go bhfuil siad iontach, ach táimid ag fáil amach níos mó agus níos mó faoi thionchar an truaillithe seo,” a dúirt an Dr Eloise Marais, comhúdar staidéir. “Tá sé forleathan. Dá mhéad a chuardaímid tionchair, is ea is mó a aimsímid.” Bhí an taighde bunaithe ar mhapáil mhionsonraithe ar leibhéil PM2.5 i gceantair éagsúla, agus sonraí fairsinge ar thionchar an truaillithe sin.
No comments:
Post a Comment